Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le Covid-19

Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le Covid-19

Tá comhairle taistil do bhreis agus 200 tír ar fáil ar Chomhairle Taistil - An Roinn Gnóthaí Eachtracha (dfa.ie)

Is é cuspóir Chomhairle Taistil na Roinne faisnéis a chur ar fáil don phobal i gcoitinne ionas gur féidir le saoránaigh cinntí eolacha a dhéanamh dóibh féin. Bíonn rioscaí ag baint leis an taisteal idirnáisiúnta go ginearálta i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19, agus d’fhéadfadh go mbeidh sin amhlaidh go ceann i bhfad.

Ba cheart do shaoránaigh a bheith cúramach agus iad i mbun cinnteoireachta maidir le taisteal idirnáisiúnta, ag tabhairt a sláinte iomlán, a stádas vacsaíne, agus an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19  thar lear san áireamh. Má tholgann tú COVID-19 agus tú thar lear, d’fhéadfadh sé go mbeidh moilleanna ort agus costais bhreise agat roimh theacht ar ais duit go hÉirinn. Tá sé tábhachtach go ndéanann tú an cumhdach le do sholáthraí árachais taistil a sheiceáil roimh thaisteal.

Ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar thaisteal thar lear a bheith ar an eolas go n-athraíonn srianta ar gearrfhógra.  Moltar duit súil a choinneáil ar an gcomhairle oifigiúil agus eolas a chuireann na húdaráis ag do cheann scríbe ar fáil. Tá eolas maidir leis na srianta iontrála atá á gcur i bhfeidhm ag tíortha eile ar fáil ar ár leathanaigh um chomhairle taistila bhaineann go sainiúil le gach tír. Má tá tú ag smaoineamh ar thaisteal laistigh den AE/LEE moltar duit féach ar AE a athoscailt chun na ceanglais a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a fheiceáil mar go luíonn an fhreagracht ar gach tír ar leith maidir le sainmhíniú a gcuid ceanglas agus rialacha. 

Ba chóir do shaoránaigh a bheith ar an eolas nach mbíonn Teastais Dhigiteacha COVID an AE bunaithe ar bhunchúrsa vacsaínithe bailí i gcomhair taistil má tá breis agus 270 lá thart ón dáileog dheireanach sa tsraith bhunchúrsa. Ní bhaineann teorann ama le teastais vacsaínithe atá bunaithe ar theanndháileoga/dáileoga breise.

Má tá ceist taistil agat atá práinneach, féadann tú ríomhphost a chur chugainn ar traveladvice@dfa.ie. Tabhair faoi deara nach féidir ceisteanna maidir le pasanna a fhreagairt ar an líne seo. Déan teagmháil le seirbhís na bpasanna tríd an gcomhrá gréasáin ar www.dfa.ie 

Moltar do shaoránaigh atá ag taisteal thar lear monatóireacht a dhéanamh ar an gcomhairle taistil dár gcuid, agus chun muid a leanúint ar Twitter. Cláraigh le hAmbasáid nó Consalacht na hÉireann áitiúil de do chuid.

Conas faisnéis bhreise faoi thaisteal a fháil:

Eolas Breise

Is féidir eolas atá suas chun dáta maidir leis an taisteal go hÉirinn a fháil ar www.gov.ie.

Tá eolas ar oibriú Theastas Digiteach COVID an AE ar fáil freisin ar www.gov.ie. Má tá ceist phráinneach agat maidir le Teastas Digiteach COVID an AE, cuir glaoch ar an líne cabhrach DCC AE atá oscailte Luan – Aoine, ar 1800 807 008. Is féidir leo siúd atá lasmuigh d’Éirinn glaoch ar +353 1 903 6437.

Chun sonraí a fháil faoi thástáil COVID‑19 roimh imeacht, féach ar shuíomh gréasáin Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ar shuíomh gréasáin Aerfort Chorcaí agus ar shuíomh gréasáin Aerfort na Sionainne.

Má tá tú ag taisteal chun críche obair dheonach a dhéanamh, tá saincheisteanna ar leith ann a mholfaimis duit do mhachnamh a dhéanamh orthu roimh thaisteal.  Moltar duit go léifidh tú Cód Dea-Chleachtais de chuid Comhlámh maidir le heagraíochtaí a sheolann oibrithe deonacha: Cód Dea-Chleachtais - Comhlámh (comhlamh.org).

Tabhair faoi deara go bhfuil aip TravelWise na Roinne gan feidhm ar feadh tréimhse shealadach. Gabhaimid leithscéal as an míchaoithiúlacht sin. Leanfar le faisnéis nuashonraithe a sholáthar ar an suíomh gréasáin seo.